Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin seo chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Meitheamh 2026
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Leanfaidh an boilsciú de bheith ard sa ghearrthéarma, mar thoradh ar phraghsanna fuinnimh níos airde mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear. Má thagann laghdú ar phraghsanna ola i gcomhréir le praghsanna sa mhargadh todhchaíochtaí, ba cheart don bhoilsciú filleadh ar an sprioc 2 % in 2028. Mar sin féin, tá an t-ionchas an-éiginnte.

Tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Is dócha go mbeidh fás eacnamaíoch níos laige ann i mbliana mar thoradh ar an gcogadh freisin, ós rud é go bhfuil laghdú ar chumhacht ceannaigh na dtomhaltóirí, éiginnteacht níos airde agus muinín níos laige ag baint leis an éileamh. Meastar go dtiocfaidh téarnamh ar an bhfás in 2027 agus go neartóidh sé arís in 2028.

Tuilleadh

Tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus san am atá caite

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo